Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2016

D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2016.

Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil

  • aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin

  • aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu

  • torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.

Tá na caibidlí aonair sa tuarascáil ar fáil thíos

  1. Toradh Airgeadais an Státchiste 2016

  2. Fiachas Rialtais

  3. Costas na mBeart Cobhsaithe Baincéireachta amhail ag deireadh 2016

  4. Léargas Ginearálta ar Chomhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí

  5. Trédhearcacht Fhioscach

  6. Cuntasaíocht Vótaí agus Bainistiú Buiséid

  7. An Ciste um Chuntais Dhíomhaoine

  8. Maoiniú Rialtais Láir na nÚdarás Áitiúil

  9. Rialuithe Inmheánacha sa Choimisiún um Achomhairc Chánach

  10. Seirbhísí Comhroinnte - Ró-íoc Tuarastal a Bhainistiús

  11. An Clár Náisiúnta um Athluacháil Maoine

  12. Bainistiú Fosheirbhísí i gColáiste Oiliúna an Gharda Síochána

  13. Forbairt Córas TFC ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

  14. Clár Cúnaimh Dhéthaobhaigh na hÉireann a Rialú

  15. Maoiniú Deontais do Phictiúrlann Sainealaíne na Gaillimhe

  16. Rialtacht Íocaíochtaí Leasa Shóisialta

  17. Ró-íocaíochtaí Leasa Shóisialta a Bhainistiú

  18. Athbhreithnithe na Roinne ar Scéimeanna Leasa Shóisialta

  19. Deontais do Ghníomhaireachtaí Sláinte a Bhainistiú agus a Mhaoirsiú

  20. Fáltais ó Cháin Chorparáide

  21. Fiachas Cánach agus Fiachais Dhíscríofa

  22. Cáin Sóinseála agus Cáin Shiarchoinneálach Scannánaíochta a Leithdháileadh

  23. Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

  24. Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann